Cleachtadh Riailbhunaithe

Sa chuid seo cuirfear deiseanna ar fáil do na daltaí an spriocstruchtúr a chleachtadh. Beidh béim fhollasach i gceist leis na gníomhaíochtaí. Beidh orthu an spriocstruchtúr a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh sna gníomhaíochtaí seo. Tá ceithre ghníomhaíocht ar fad ann, idir ghníomhaíochtaí teanga agus ghníomhaíochtaí scríofa.

Ar dtús déanfar dul siar ar an méid a thug na daltaí faoi deara agus a d'fhoghlaim siad faoin spriocstruchtúr sna gníomhaíochtaí deireanacha. Crúthófar póstaer le cur ar an gclár bán leis an spriocstruchtúr air and samplaí úsáide ó na daltaí. 

Beidh níos mó slite beatha i gceist leis na gníomhaíochtaí seo. Mar sin, beidh gá leis an bhfoclóir nua a mhúineadh. Ar dtús, déanfar dul siar ar na slite beatha a bhí luaite sna gníomhaíochtaí Tabhairt faoi deara agus Feasacht teanga. Cuirfear pictiúr ar an gclár bán agus déanfar plé faoin obair a dheánann na daoine sin. De réir a chéile cuirfear na slite beatha nua ar an gclár bán. Beidh pictiúr agus luaschárta ann do gach slí bheatha. Déanfar cluiche tomhais tapaidh bunaithe ar na pictiúir, e.g. tabharfaidh mé leid amháin 'Bíonn an duine seo ag cócaireacht i gcistin' agus bheinn ag súil leis an bhfreagra 'Is cócaire é'.


Gníomhaíocht 1 - Amhrán

Iarrfar ar 12 páistí ón rang dul go dtí an clár bán agus ceann amháin de na pictiúir a thógáil. Seasfaidh siad i líne os comhair an chuid eile den rang. Míneoidh mé do na páistí go bhfuilimid chun an t-amhrán Twinkle Twinkle a chanadh ach beidh focail éagsúla i gceist. Canfar an t-amhrán ag baint úsáide as na slite beatha agus an spriocstruchtúr.

Is múinteoir mé, is garda mé,
Is fiaclóir mé, is dochtúir mé, 
Is fear dóiteáin mé, is altra mé,
Is cócaire mé, is feirmeoir mé,
Is meicneoir mé, is tréidlia mé,
Is fear an phoist mé, is siopadóir mé.

Braithfidh ord na slite beatha ar an ord ina bhfuil na pictiúir ag na páistí atá seasta sa líne. Tosófar ag tús an líne agus beidh ar an bpáiste sin an pictiúir sin a chur in airde agus canfar é. Rachfar ar aghaidh tríd an líne an treo sin. 

Canfaidh na daltaí an t-amhrán cúpla uaire. Athrófar ord na bpictiúr gach uair agus tabharfar deis do pháistí eile é a dhéanamh. Mar dhúshlán breise, iarrfar ar na páistí féachaint ar inscne an duine sa phictiúr agus 'é/í' a chanadh seachas 'mé' ag an am cuí.

Gníomhaíocht 2 - Cluiche teanga

Thóg mé an smaoineamh don chluiche seo ó shuíomh gréasáin an Áisaonaid agus chuir mé é in oiriúint don ghníomhaíocht seo.

Roinnfear na daltaí i mbeirteanna. Tabharfar licíní (dathannna difriúla, m.sh. buí agus dearg) agus leathanach an chluiche, a bhfuil pictiúir de na slite beatha go léir ó ghníomhaíocht 1 air, do gach beirt. 


Tabharfar cártaí beaga de gach slí bheatha, atá ar leathanach an chluiche, do gach beirt. Míneofar conas an cluiche a imirt ar dtús . Ligfidh mé orm go bhfuil mé ag spraoi cluiche le dalta amháin ón rang chun é a mhíniú. Beidh deis ag na daltaí an cluiche a imirt ansin.



Gníomhaíocht 3 - Bileog Oibre

Crochfar na pictiúir agus na luaschártaí a bhaineann leis na slite beatha ar an gclár bán arís. Déanfar dul siar orthu agus canfar an t-amhrán arís. Tabharfar bileog oibre do gach dalta. Beidh orthu na bearnaí a líonadh agus pictiúir de na slite beatha atá luaite a tharraingt. Beidh orthu slí bheatha amháin as na cinn eile a roghnú don bhosca deireanach agus é a scríobh isteach agus pictiúr a tharraingt chun é a léiriú. Beidh orthu labhairt faoi na pictiúir a tharraing siad ag baint úsáide as an spriocstruchtúr.

Gníomhaíocht 4 - Cluiche Kahoot!h

Imreoidh na daltaí cluiche Kahoot! ar ipadanna agus beidh an cluiche bunaithe ar an spriocstruchtúr.



Comments